School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 50

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 50

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 50
  3. XML “Peadar Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    istigh acu. Níor mhaith leo an bhó a thabhairt leo mar dá moitheochadh duine ar bith iad mhuirbhfidhe iad. D'imthigh siad ag tarraingt ar an bhaile an bealach céadna a dtáinic siad. An fear a casadh ortha chuaidh sé caol díreach chuig na dearbhrathaireacha seo agus d'innis sé daobhtha cé a casadh air. Luigh siad rompa nuair a bhí siad ag teacht arais.
    Nuair a bhí na fir fá ghiota daobhtha chuaidh an cailín óg amach a bhlighe an eallaigh. Ach ní rabh bainne ar bith ag an eallach, ní rabh acu ach fuib Scaoil na fir ach níor mharbhuigh siad duine ar bith. Scaoil siad ath-uair agus mharbhuigh siad an fear nach rabh ach na sé-mhí pósta. Scannruigh an chuid eile agus d'imthigh siad leo na bhaile na rith. Ar maidin an lá thar na bhárach chuaidh muinntir an fhir a marbhadh agus thug siad an corp na bhaile. Bhí siad iongantach buadhartha. An bheirt fhear a chonnaic a thaidhbse, nuair a chualaidh siad caidé d'éirigh dó. Chraith siad a gceann agus dubhairtsiad go rabh fhios acu nach mbéadh sé saoghalach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal