sé fear agus mála ar a dhruim mar bhéadh sé ag cruinniú déirce. D'aithin Feidhlimidh Cam gur Maol Mhuire a bhí ann agus dubhairt sé "a Mhaol Mhuire, an tsúil-cham, dá mbéinn-se amuigh agat-sa, chuirfinn déirce in do mhála. Thug Maol Mhuire freagra air agus dubhairt sé "dá mbéinn-se istigh agat-sa, chuirfinn an scian seo fríd do chroidhe".
Niall Ó'Domhnaill (Séimisín) Aois 82 bliadhain Doire na Mainsear
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Máire Amaideach agus Micí Críonna Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Sé an t-ainm a bhí ortha Micí agus Máire. Bhéadh Máire i gcomhnuidhe ag sníomh agus ag cárdail agus ag déanamh gréasáin báinín. Dhíoladh sí é agus cheannóchadh sí min agus plúr air. Lá amháin bhí sé ag cur agus bhí gréasán mór báinín déanta aici. Dubhairt sí gur sin a máthair mhór le cloich mhóir a bhí as coinne an dorais. D'imthigh sí a chur an báinín ar an chloich mhóir. Nuair a d'éirigh sí ar maidin bhí an báinín ar shiubhal. Thionntuigh sí an chloch agus goidé a fuair sí ach leath stocaigh óir agus airgid. Dubhairt an seanduine gur mhaith seo fá choinne na coise tinne. Chuir sí anáirde ag bun na cruibe é. Lá amháin thainic fear isteach agus é bacach. "Ó" arsa Máire "is tusa fear na coise tinne" ag éirighe agus ag síneadh stocaigh an airgid agus...
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »