School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an bhó "go bhfuighidh tú bean a bhlighfeas mé". D'imthigh sé chuig an bhean. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an bhean. "Bean a bhlighfeas bó, bainne bó do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an bhean"go bhfuighidh tú bunógaí uaidh na cailleachaí domh". D'imthigh sé chuig na cailleachaí. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars na cailleachaí. "Bunógaí uaidh na cailleachaí, do bhean a bhlighfeas bó, bainne bó do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú na bunógaí" arsa siad-san"go dtabharfaidh tú isteach lán na bascóide seo de uisce chugainn go nighfidh muid ar gcuid lamh". D'imthigh sé amach agus chuir sé achan chineal isteach ins an bhascóid gur chongbhuigh sí an t-uisce. Annsin nigh siad a gcuid lámh agus rinn siad na bunógaí. Annsin thug siad do Mhurchadh Mór iad. Thug Murchadh do'n bhean iad. Bhligh sí an bhó, d'ól an cat an bainne, ligh sé an t-im, cuireadh an t-im i gcosa an ghadhair...(continues on next page)
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal