School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 23

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 23

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 23
  3. XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Murchadh Beag agus Murchadh Mór
    Bhí Murchad Mór agus Mruchadh Beag amuigh ag baint sugh-craoibh lá amháin. Chuaidh Murchadh Beag suas go bárr an crainn. Chuaidh sé a ithe an tsugh-chraoibh. D'iarr Murchadh Mór ar cuid de'n tsugh-craoibh a chaitheamh anuas chuige.Chaith Murchadh Beag smug air agus dubhairt sé nach gcaithfeadh sé síos a thath chuige. D'imthigh Murchadh Mór fá choinne slaite a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith a chuid sugh-craoibh aréir. "Cá bhfuil tú ag gabhail" arsa an tslat. "Slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir" ar seisean. "Ní bhfuigidh tú mise" ars' an tslat, "go bhfuigh tú tuagh a ghearrfas mé". D'imthigh sé chuig an tuaigh. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" arsa an tuagh. "Tuagh a ghearrfas slat, a sciúrfas Murchadh Beag, a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhál, ní bhfuighidh tú mise" ars' an tuagh "go bhfuighidh tú cloch a líomhthas mé". D'imthigh sé chuig an chloich. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars' an chloch. "Cloch a líomhthas tuagh, a ghearrfas slat, a sciúrfas Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars' an chloch "go bhfuighidh tú uisce a nighfeas é". D'imthigh sé chuig an uisce. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars' an t-uisce. "Uisce a nighfeas cloch, a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars' an t-uisce "go bhfaghaidh tú fiadh a shnámhfas mé". D'imthigh sé chuig an fhiadh. "Cá bhfuil tú ag gabhail? ars' an fiadh. "Fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a .....
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal