School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 22

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 22

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 22
  3. XML “Bean an Fhir Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    airm an Rígh isteach ar fud clach is fuinneóg ortha. Ní rabh siad-san i bhfad a gcur ar fagháil. Chuir siad an fear bán i nglais agus thug leo gaibhte na príosúin é. Nuair a thainic an dligheadh fuair sé trí mhí i bpríosuin as gaduidheachta. Níorbh é a chuid ama i bpríosúin a bhí ag cur buaidhreadh air ach an náire saoghalta a fuair sé. Thainic an lá a rabh a chuid ama thuas ins an phríosúin agus fuair sé cead a chinn. Ní rabh mórán iomráidh aige ar nighean an táilliúra san am seo. D'imthigh sé as an tír ar eagla go bhfeicfeadh sé duine ar bith a d'aithneochadh é. Chaith sé an chuid a b'fhearr de shaoghal ar shiubhal. Fá dheireadh mheabhruigh sé go bpillfeadh sé ar na sean fhóide. Thainic sé agus é as aithne. Ins an am seo bhí an fear ruadh agus nighean an tailliúra pósta agus ise na gcomhnuidhe i dteach agus eisean ag obair ar a chonlann féin. Go mall tráthnona thainic an fear bán go dtí an doras aige ag iarraidh oibre agus fuair. Sin an t-am ar chum sé an t-amhrán "Bean an Fhir Ruaidh".
    Micheal Mac Grianna (Seainín)
    Rann na Feirsde
    Aois 80 bliadhain
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Mac Grianna
    Other names
    Micheal Mac Grianna
    Micheal (Seáinín) Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal