School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i ndeas dóbhtha agus tharraing siad air go bhfaghadh siad foscadh na h-oidhche. Ni rabh ann ach bóthóg fhód agus bhí an doras com h-íseal go mb'éigin bóbhtha dul ar a gceithre buin le fágháil isteach. Ní rabh istigh rompa ach seanduine agus dubhairt sé nach rabh áit fá na gcoinne. Dubhairt na fir mhóra nach rabh siad ag gabhail amach go maidin. Ní bhéadh sibh i bhfad ag gabhail amach go mbéadh fhios agaibh goidé tá istigh romhaibh, ar an seanduine. Ní rabh de sin ach sin. Shuidh na fir thart agus chuaidh siad a chómhrádh. Bhí an t-uan óg ag gabhail thart ins an bhealach agus ni rabh suaimhneas le faghail acu uaidh. Fá deireadh d'fhiafruigh fonn dé'n tseanduine caidé ba chiall do'n uan a bheith scaoilte ar fud an toighe. "Má's olc leat é bheith scaoilte" ar seisean "ceangail é". "Éirigh a Ghoill" arsa Fionn "agus cuir an t-uan sa nasc". D'éirigh an fear mór de léim na seasamh, bheir greim droma ar an uan le na láimh. Scaith an t-uan an greim agus d'imthigh sé leis fríd an teach. Bheir an fear mór airist air le na dhá láimh ach scaith an t-uan a ghreim aríst. Thug an fear mór an tríomhadh iarraidh go fealltach ach ba mhaith an mhaisc dó'n uan é. Dhruid sé leis, thug iarraihd amháin air agus d'fhág sínte ar chlár chúl a chinn é sa teinidh. D'éirigh an fear mór go faiteach mí-shásta agus shuidh síos. D'amharc na fir ar a chéíle agus níor labhair siad ar feadg tamaill. Bhí cailín óg na suidhe thoir i gclúdaigh na mónadh. Bhí Fionn na shuidhe sa chlúdaigh eile agus é ag...(continues on next page)
- Informant
- Micheal Mac Grianna
- Other names
- Micheal Mac Grianna
- Micheal (Seáinín) Mac Grianna (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal