School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

tógadh mise" ar sise. Agus ó tharla oiread airgid agam-sa iagus nach bhfeicim caithte go deo bhéarfaidh mé oiread airgid duit-se agus a thógfas tú fhéin agus do mhuinntie as an bhoichtineacht a choidhche agus é uilig siocair tú do theanga dílis a labhairt i bhfad ó bhaile. Thainic sé na bhaile arais chuig na mhuinntir agus bhí siad na dtrúir beo go sóghamhail ó sin amach.

Domhnall Ó Domhnaill (Donnchadh)
Rann na Feirsde
Aois 40 bliadhain
Siopadóir

Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a mhór-bhalruigh amuigh ag seilg lá. Lá goirid geimhridh a bhí ann. Bhí spéarthaí troma ann agus neallta móra boga anuad ar bhárr na gcnoc. Le tuitim an tráthnóna mhéaduigh an ceo. Bhí sé comh dlúth ins na gleanntain agus nár léar duit an té a bhéadh ag do thaoibh. D'imthigh fear soir agus fear siar go dtí nár fágadh aon fear ag Fionn Mac Cumhaill ach Goll agus Oscar. Chongbhuidh an trúir acu fhéin greim láimhe ar a chéile ar fad. Shiubhail siad leo ag tuitim agus ag éirigh fríd na túrtógaí go dtí go rabh siad marbh sáruighthe. Thainic an oidhche ach níor corruigh an ceo. Chaill siad a n-uchtach mar shíl siad nach bhfeiceadh siad baile na áit a choidhche. Fá dherieadh chonnaic siad marbh sholas

(continues on next page)
Informant
Micheal Mac Grianna, local name Micheal (Seáinín) Mac Grianna
Gender
male
Age
80
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish