School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 18
  3. XML “An Ghaeilge ar a Choigríoch”
  4. XML “An Óige, an Saol agus an Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tógadh mise" ar sise. Agus ó tharla oiread airgid agam-sa iagus nach bhfeicim caithte go deo bhéarfaidh mé oiread airgid duit-se agus a thógfas tú fhéin agus do mhuinntie as an bhoichtineacht a choidhche agus é uilig siocair tú do theanga dílis a labhairt i bhfad ó bhaile. Thainic sé na bhaile arais chuig na mhuinntir agus bhí siad na dtrúir beo go sóghamhail ó sin amach.
    Domhnall Ó Domhnaill (Donnchadh)
    Rann na Feirsde
    Aois 40 bliadhain
    Siopadóir
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a mhór-bhalruigh amuigh ag seilg lá. Lá goirid geimhridh a bhí ann. Bhí spéarthaí troma ann agus neallta móra boga anuad ar bhárr na gcnoc. Le tuitim an tráthnóna mhéaduigh an ceo. Bhí sé comh dlúth ins na gleanntain agus nár léar duit an té a bhéadh ag do thaoibh. D'imthigh fear soir agus fear siar go dtí nár fágadh aon fear ag Fionn Mac Cumhaill ach Goll agus Oscar. Chongbhuidh an trúir acu fhéin greim láimhe ar a chéile ar fad. Shiubhail siad leo ag tuitim agus ag éirigh fríd na túrtógaí go dtí go rabh siad marbh sáruighthe. Thainic an oidhche ach níor corruigh an ceo. Chaill siad a n-uchtach mar shíl siad nach bhfeiceadh siad baile na áit a choidhche. Fá dherieadh chonnaic siad marbh sholas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Mac Grianna
    Other names
    Micheal Mac Grianna
    Micheal (Seáinín) Mac Grianna (local name)
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal