School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 17
  3. XML “An Ghaeilge ar a Choigríoch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i dtús mí na Bealtaine d'éirigh sé, d'fhág slán ag na mhuinntir agus d'imthigh leis. Shiubhail sé leis de choisidheacht, mar nach rabh athrach le déanamh aige, amach Bun an Earragail, soir cuid lúbthach Mín a Droighinn, ag tarraingt ar Leitir Ceannainn. Idir tuirse agus cumhaidh agus buaidhreadh intinne bhain sé Doire amach briste brúighte brónach. San am sin ní rabh trioblóid ar bith le ghabhail 'un Oileáin Úir mar atá anois. Ní rabh agar ach a ghabhail ar bhord luinge, do phadóid a dhíol agus i gcionn cupla seachtmhain bhí tú ar talaimh an Óileain Úir. Ghlac sé trí seachtmhainí an bád a ghabhail trasna agus nuair a fuair sé é féin ar an taobh eile ní rabh móran airgid ar thóin a phóca. Mar sin féin d'fhág sé é féin agus muinighin Dé agus shiubhail leis a chuartú oibre. Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh teach beag de ar taoibh an bhealaigh mhóir agus dar leis go rachadh sé isteach go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé fascadh an toighe go maidin mar bhí an oidhche ag teacht agus gan an dara teach ar a amharc nó ar a éisteacht. Nuair a bhuail sé ar an doras tháinic sean bhean amach agus d'iarr air theacht isteacht. Chuaidh sé isteach go lúthgháireach agus shuidh sé ar chathaoir sa chlúdaigh mar h-iarradh air. Chuir sí ceist air i mBéarla agus cé'n tír a d'fhág sé. Thug sé freagra uirthi i nGaedhilg agus dubhairt sé gur de Éirinn. Nuair a chualaidh sí seo chraith sí lámh leis agus d'fhiafruigh de cé'n áit i nÉirinn agus dubhairt sé gur as Ceann Dubhrann na nDumhachan Bán. "Sin an áit chéadhna ar.....
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall (Donnchadh) Ó Domhnaill
    Other names
    Domhnall (Donnchadh) Ó Domhnaill
    Domhnall Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Siopadóir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal