School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 165
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tomhaiseanna ar Leanamhaint ó Leathanach 156
    ----------------
    34. Thart ar an teach agus thart ar an teach agus comhnuigheann sé i bpoll na h-eochrach
    (An Ghaoth)
    35. Ceathrar, cúigear, cudramáin,
    Seiseár bhí ar an bhall,
    Gan béal, gan súil i gcuid acu
    A's iad uilig ag cainnt
    (Píoba)
    36. Deairgín, deairgín, buail an ball dubh.
    (Pota ar an Teinidh)
    37. Seanbhean amuigh annsin agus a cumhdach féin uirthi.
    (Cruach Chocháin)
    38. Másaí fada, cloigeann bheag, gan súl ar bith.
    (Maide Briste)
    39. Droichead ar loch gan maide gan cloch
    (Leac oidhreógaighe)
    40.Caide an t'am is cruinne a mbíonn an bhó?
    (Nuair atá sí sailte ins an bairille)
    41. Caidé a bhíos le gluaistean i gcomhnuidhe agus nach deig leis ghabhail gan é?
    (Torman)
    42. Bhí dhá bhainríoghain ann fadó agus d'imthigh siad a chuartú tuban gan tóin a chongbhóchadh feoil
    (Fáinne)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish