School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 162
- XML “Seanchainteanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)43. Má ghnidhthear sparan amach as croiceann easóige ní bheidh an sparan sin folamh a choidhche.44. Má sháitheann duine snáthad mhór ina chirteach agus é ag imirt chárdaí beidh ádh air agus bainfidh sé.45. Droch ádh i gcárdaí a bheith ag gearradh na ?aonta?46. Adh mhaith a bheith ag tionntughadh bainríoghaineacha.47. Má imrightear cárda agus é tuitim béal faoi ní bhainfidh an cárda sin (níor bhain béal faoi ariamh).48. Má chuimiltear ruball cait duibh ar shleamhnan a bhéádh ar an tsúil deirtear go ndéan sé an sleamhnan a leigheas.49. Má thig cat dubh in do bhealach agus tú gabhail i gcionn turais deirtear go n-éireochaidh a shiubhal leis.50. An té bhíos ag brionnglóidigh go mbíonn sé ag tuitim le beanna bíonn sé ag tuitim i bpeacadh.