School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 160
- XML “Seanchainteanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)27.Má bhíonn an lá a phóstar lánamhain fliuch beidh an deor ar an tsúil acu choidhche.28.Tá leigheas salachair béil ag gach athair a chuirfeadh trí shéideog isteach i mbéal leinbh, a mbeidh salachar béill air ar maidin ach caithfidh sé a bheith 'na throscadh.29. Má bhíonn seachtar mac indiaidh a chéile bíónn leigheas chait bhraghaide ag an seachtmhadh mac.30.Má chaitear naoi ngráinne de chineál ar bith indiaidh tórraimh beidh leigheas sleamhnáin ag an té a dhéanfas é.31.Dá mbeadh fear mná amuigh i mbád ar an fhairrge agus an fhairrge a bheith garbh agus an bhean imnidheach seo an rud a dhéanfaidh sí. Beirfeadh sí léithe duine ar bith a bheadh istigh, chuirfeadh sí dallóg air,bheirfeadh sí léithe 'na fairrge é, thabharfadh air bolgam sáile a thógáil ina bhéal agus é a iomchar 'un toighe ina bhéal agus ansin é a chaitheamh ar chúl na teineadh. Deirtear go socróchadh an fhairrge ina dhiaidh sin.32.Má bhíonn an t-athair agus an mháthair den shloinneadh chéadna beidh leigheas an 'ruaidhe' ag duine ar bith de'n teaghlach.33. Nuair a ghnidheas slat a' pota trup
(crack) sin comhartha go bhfuil stroinnsiar ag teacht.(continues on next page)