School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 153
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tomhaiseanna
    1.Rith mé agus fuair mé é; shuidh mé agus chuartaigh mé é;dá bhfaighinn é chaithfinn uaim é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é. ( Dealg in do chois.)
    2.Ceathrar 'na rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh an eolais agus an róibín ar deireadh ( Bó)
    3. Siúd thall ort é, ní trom leat ort é, ní fuil is ní feoil é, níl a'n bhall in do chorp de.
    (D 'ainm is do shloinneadh)
    4.Chaith mé suas é comh bán leis an tsneachta agus thuit sé anuas comh buidhe le h-ór ( Ubh)
    5.Lán gárraidh de chaoirigh geala agus caora dearg istigh in a lár. ( Do theanga)
    6.Ní maith le a'n duine aige é agus nuair ata sé aige ní maith leis é a chailleadh.
    (Ceann maol)
    7.Codluigheann sé san oidhche agus a shúil ina cheann ( Buarach na bó)
    8.Siúd amuigh é, siúd istigh é, siúd sa chlúdaigh é agus daichead súil air. (Cliathar na reidil)
    9.Each dubh idir dhá ghleann, má bhogann an t-each bogfaidh an dá ghleann. ( Beathach agus péire cliabh air)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish