School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 150
  3. XML “Nósanna i dTeach Faire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Nuair gheobhas duine bás i dteach caithfear an chlog a stapadh
    2. Ní ceart beo teineadh a thabhairt amach as teach faire
    3. Má tá dhá dhoras ar teach caithfear an corp a thabhairt amach ar an doras atá ar an taobh de'n teach a bhfuil an leabaidh ann.
    4. Níl sé ceart an corp thabhairt trasna an urláir
    5. Má fhaghann duine bás ar shiubhal as baile agus an corp thabhairt na bhaile ní ceart do dhuine ar bith bheith sa teach nuair atáthair ag tabhairt isteach an chuirp. Má bhíonn deirtear go mbeidh an duine sin faoi na fóide taobh istigh de bhliain.
    6. Ní ceart a ghabhail isteach go teach faire ar doras amháin agus theacht amach ar dhoras eile
    7. Má thugann cat léim thar chorp caithfear an cat a bháitheadh mar an dara duine a rachas an chat thairis gheobhaidh sé bás roimhe bliain.
    8. Níl sé ceart na ceadmhach coinneal amháin a lasadh ar choinnil eile.
    9. Má bhíonn bean atá ag iomchar clainne i dteach faire nuair a táthair ag cur na cuirp sa chomhnair deirtear go mbeidh cosa cruinne ar an naoidhnean nuair a thiocfas sé 'un tsaoghail
    10. Ceathrar fear de'n tsloinneadh chéadhna agus atá ar an duine atá marbh a ghabhail faoi'n chomhnair
    11. An fhuinneóg foscladh leis an anam a leigint amach air
    12. Gan an doras cúil a fhoscladh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish