School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 146
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 147
80. Codlann sé an lá ach ní chodlann sé san oidhche.
( An lampa)81.Tá sé amuigh sa pháirc agus cóta de na chuid féin air.
( Pionann choirce)82.Bhí sí 'na suidhe ar an bhalla agus thuit sí anuas,
Dá mbeadh dochtúirí an domhain ann ní leigheasfadh siad í.
( Ubh)83.Tá nead ar an tsliabh is ní nead fiadh ná feannóige í ach nead na gcúig gcraobh is dubhshlán dá bhfuil i nÉirinn a thomhas.
( Nead ar bhois sagairt)84.Tá sé dubh is bán
Tá sé salach is glan,
Tá sé cam is díreach.
Thig é a dhéanamh milis is searbh,
Gach dóigh ar mhian leat.
( Uisce)85.Ní fuil ná feoil é ach is ar fhuil is ar fheoil a d'fhás sé. Baintear an ceann de is ghnidhthear deoch de. Réidhtigheann sé idir caraid agus 'dáibheamhail'.
(Cleite gé)86. Fear fada dubh, dhá mhaide faoi na ucht is é ag briseadh a chroidhe ag gol.
( Maide an áird-dorais)
Féach - 145(continues on next page)