School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

an-chosamhail leis an chailín a rabh a mhac-san na diaidh. Cupla lá na diaidh sin chuaidh an gréadaidhe, an búisteár agus mac an fheirmeóra chuici agus chuir siad foráin phósta uirthi. Dhiultaigh sí an gréadaidhe agus an búisteár agus ghlac sí mac an fheirmeóra. Pósadh iad agus bhí saoghal sona ádhmharach acu.

Bhí rí agus bainrioghain san Domhan Thoir fad ó shoin agus bhí dhá chloigeann déag mac acu. Ins an am chéadna bhí rí agus bainrioghain ins an Domhan Thiar agus bhí dhá chloigeann déag ingeanacha acu. Bhí ingeanacha ríogh an Domhain Thiar iongantach trom ar bhróga agus ar éadach. Ba mhaith leis an rí fagháil amach caidé mar bhí siad ag caitheamh na mbróg agus an éadaigh. Chuireadh sé fear isteach sa tseomra achan oidhche agus mar mbéadh fhios aige ar maidin caidé mar bhí na cailiní ag caitheamh na mbróg agus an éadaigh thaineadh sé an ceann de. Comh luath agus rachadh fear isteach 'un tseomra sa n-oidhche bheireadh an bean ba sine de na cailíní deoch fhíona dó. Annsin thigeadh trom-shuan codlata air agus ní bhéadh

(continues on next page)
Informant
Sorcha Ní Ghallchobhair
Gender
female
Age
90
Address
Lough Noran, Co. Donegal
Language
Irish