School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 121
  3. XML “Bacach an tSléibhe Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rópa idir an dá chliabhán agus bhí an t-athair ábalta an mháthair a bhogadh agus an mháthair ábalta an t-athair a bhogadh.
    Bhí aige le ghabhail trasna abhna achan oidhche le fagháil fhad leis an áit a rabh sé ag gaduidheacht. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag gabhail trasna na h-abhna chonnaic sé scaifte fear na suidhe ar choiscéimeacha na h-abhna, iad uilig tárnocht agus baca mór ag gach duine acu. D’fhiafruigh sé cad chuige a rabh siad na suidhe annsin. Dubhairt siad go dtearn siad an oiread sin uilc ar an tsaoghal seo, gur chur Dia araist iad le breitheamhnas aithrighe a dhéanamh agus go gcaithfeadh siad suidhe ins an áit a rabh siad go bhfásadh duilleógaí ar an bataí a bhí acu. Dubhairt an stócach go drearn sé fhéin oiread uilc ar an tsaoghal seo agus go rabh sé go maith aige suidhe ina gcuideachta. Fuair sé bata tharraing de a chuid éadaigh agus shuidhe sé ina gcuideachta.
    Comh luath agus rinn sé sin d’fhás duilleógaí ar na bataí uilig. D’éirigh na fir le h-imtheacht go dtí an saoghal eile agus bhí an bacach ag gabháil leo. Ní dheachaidh siad i bhfad go dtainic aingeal chuca le iad a thabhairt na bhflaithis. Bhí an bacach ag gabhai leo na bhflaithis ach dubhairt an t-aingeal go gcaithfeadh seisean fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt da na athair agus do na mháthair. Chuaidh sé na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séarlus Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Anagaire, Co. Donegal