School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 12

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 12

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 12
  3. XML “An Dá Cheannaí”
  4. XML “An Fear Míshásta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar a dhruim agus bhog leis ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag teacht thart le teach an Cheannuidhe Mhóir, bhí an Ceannuidhe Mór amuigh roimhe. Chuir sé ceist air goidé mar d'éirigh leis an lá sin, ná cá mhéad a fuair sé ar chraiceann na bá. "O" arsa an Ceannuidhe Beag, "is mairg nach bhfuil tuilleadh eallaigh le marbhadh agam na ghiobhainn meadhchon na gcraiceann de ghinidheacha". Maidin lá ar na bhárach d'éirigh an Ceannuidhe Mór leis an dearg mhaidin agus níor fhág sé beathach eallaigh i na sheilbh nár mharbhuigh sé agus bhain sé an craiceann díobhtha. Níor bhfada go raibh an Ceannuidhe Mór comh bocht leis an Ceannuidhe Beag.
    Micheal Mac Grianna (Seainín)
    Rann na Feirsde
    Aois: 80 bliadhain
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean agus fear ann fad ó shoin. Bhéadh an fear amuigh ag obar gach lá agus nuair a thiocfadh sé isteach ag a chuid, ní bhéadh an dinnear réidh ag an bhean. Lá amháin d'iarr an bhean ar an fhear fanacht istigh agus go racadh sise amach a dh'obair. Chuaidh an bhean amach a dh'obair agus d'fhán an fear istigh. Bhí leanbh le coimhead, bainne le bualadh agus an bhó le coimhead aige. Ni raibh fhios aige cé an chead obair a dheanfadh sé. Smaointigh sé gur an áit a b'fhearr féar thuas ar bhárr an toighe. Chuir sé an bhó suas ar a teach...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maighread Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    74
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal