School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 119
  3. XML “Buachaill an tSléibhe Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceist air caidé mór a bhí déanta aige nuair a cuireadh breitheamhnas aithrighe mar sin air. D’innis an gasúr dó caidé mar bhí. “Is maith mar atá mise”, ars’ an fear, “ná níl mé ach indiaidh an t-eallach seo uilig a ghoid amach as páirc”.
    Nuair a bhí an sagart ag cur an bhreitheamhnais aithrighe ar an ghasúr, dubhairt leis an ghasúr go gcaithfeadh sé seasamh ins an uisce go dtiocfadh duine éinteacht fhad leis agus annsin go mbéadh an breitheamhnas aithrighe deánta aige, ach is cosamhail nár chualaidh an gasúr an méid a dubhairt sé. Léim an fear isteach san uisce agus sheasuigh sé in áit an ghasúra. Comh luath agus d’fhág an gasúr a áit d’amharc sé ar chloigeann an fhir agus chonnaic sé an crann glas ag fás. D’imthigh sé an méid a bhí in a anam na bhaile nó shíl sé go mb’fhéidir go sílfeadh an seanduine gur pisreógaí a d’imir sé air.
    D’imthigh an fear leis na bhaile agus ní rabh fhios aige go rabh dhath ar bith cearr leis go dtí gur casadh fear eile ait a bhí ag teacht aníos an bealach mór. Thoisigh an fear a gháiridhe faoi agus d’fhiafruigh sé de cad chuige a rabh an crann greamuighthe do na chloigeann. Chuir seisean suas a lámh agus bhí an crann ag fás mar dubhairt an fear leis Bhí fhios aige i gceart gur an gasúr a ba chionntaighe ach ins an am chéadna smaointigh sé go mb’fhéidir gur pionas ó Dhia é siocair an t-eallach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Dubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal