School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 118
  3. XML “Buachaill an tSléibhe Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Indiaidh an aifrinn chuic an sagart teachtaire fá choinne an bhuachalla. Nuair a chuaidh sé i láthair an tsagairt d’fhiafruigh an sagart de caidé an droch rud a rinn sé le seachtmhain.
    “Ní dhearn mé a dhath olc ariamh? ars’ an buachaill.
    “Bhí tú mall ag an aifreann indiu”, ars’ an sagart.
    “Bhí”, ars’ an buachaill.
    “Caidé chongbhuigh mall tú”? ars’ an sagart?
    D’innis an gasúr dó go rabh sé ag éisteacht leis na mná ag mallachtaigh.
    “Agus d’éist tú leo”, ars’ an sagart, “go rabh tú mall ag an aifreann”.
    “Anois”, ar seisean, cuirim de bhreitheamhnas aithrighe art, “an chead sruthan uisce a chasfar ort ar an bhealach na bhaile dhuit a ghabhail de léim isteach ann agus seasuigh annsin go bhfásfaidh crann glas ar mhullach do chinn”.
    Shiubhail an buachaill leis go brónach go dtáinic sé go bruach srutháin. Léim sé isteach agus sheasuigh sé i lár an uisce. Bhí tráthnóna fhuar ann agus bhí sé ar bhárr amháin creatha le fuacht
    Chuireadh sé suas a lámh - anois agus airíst go bhfeiceadh sé an rabh an crann ag fás. Sa deireadh tháinic fear eallaigh thart agus d’fhiafruigh sé de’n ghasúr cad chuige a rabh sé na sheasamh ins an t-sruthán. Dubhairt an gasúr go rabh sé ag cur thairis a bhreitheamhnas aithrighe. Chuir an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Dubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal