an tsean chailleach. Ach indiaidh an iomláin níor bhog an phéist. Bhí sí ag teannadh leis. B'éigin dó na máirnealaigh a mhuscladh. D'éirigh siad fá dheireadh agus ghléas siad a gcuid eangach. Chuir siad cupla dola de na h-eangacha uirthi. Annsin bhain siad na súile aistí. Chuir siad sleagh fríd a chroidhe agus mharbhuigh siad í. Streachail siad isteach ar bórd í agus d'fhoscail siad í. Caidé a bhí istigh innti ach an tseanchailleach na suidhe ar stól agus í ag blighean an eallaigh.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Comhnuidhe Críost ann mo chroidhe-sa Fá chionn Íosa Mhic Mhuire Gach Sathairn go lá'n bhráighe, As tarraing d'áit in mo chroidhe-sa Dia Luain san áit chéadhna Le solas na m-anam. Comhnuidhe Críost in mo chroidhe-sa Rith neamh as talamh Gach aon lá Márta go Lá an Eagaibh As dearc fear déanta an áirnis
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »