School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
An Dá Cheannaí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Dá Cheannuidhe

Bhí beirt fear na gcomhnuidhe ins an áit seo fad ó shoin. An ceannuidhe mór abhí mar ainm ar fhear acu. Fear a bhí sa cheannuidhe mhór a bhí a sháith de'n tsaoghal. Bhí tréan talaimh agus airgid aige agus bhí dá cheann déag eallaigh aige. Níor bé sin do'n cheannuidhe bheag é. Ní raibh air ach beo bocht. Ní raibh móran talaimh na airgid aige ach mar sin féin chuirfeadh sé san Earrach agus bhainfeadh sé san Fhoghmhar. Chongbhocadh sé ceann rachan bó le braon bainne a chongbhail leis. Ins an Earrach i gcomhnuidhe chuirfeadh an Ceannuidhe Beag a bhó na chnuic i gcuideachta chuid eallaigh an Cheannuidhe Mhóir. Lá amháin bhí an dá cheannuidhe gabhail na chnuic le na gcuid eallaigh. Bhí acu le ghabhail trasna áit bhog a bhí ann agus nuair a bhi siad ag gabhail trasna chuaidh bó an Cheannuidhe Bhig i n-abar agus briseadh a cos. Bhí sí annsin agus ní raibh ag an Cheannuidhe Bheag bocht le déanamh ach tuagh a thabhairt leis agus an bhó a mharbhadh.Bhain sé an craiceann dithe, chuir isteach i mála é agus d'imthigh leis na bhaile mhóir go ndíoladh sé é. Ar shul isteach na bhaile mhóir dó chuaidh sé fhad le siopa a bhí ag ceannacht na gcraiceann agus dhíol sé craiceann na bó ar chuig scillinge. Nuair a bhí fear an tsiopa ag tabhairt an airgid dó, d'iarr an Cheannuidhe Beag air an t-airgead a thabhairt dó na leith-phighneacha. Chuir an Ceannuidhe Bead na leith-phighneacha isteach i mála. Chaith sé an mála.

(continues on next page)
Informant
Micheal Mac Grianna, local name Micheal (Seainín) Mac Grianna
Gender
male
Age
80
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish