School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 108
  3. XML “Scéal Shéarluis Bháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Séarlud bocht éirighe fosta agus gan leath a sháith ite aige. Theidheadh sé na bhaile ar cuairt anois agus aríst agus bhí aige le ghabhail thar abhainn a bhí at an bhealach. Bhí ceasaigh ar an abhainn ach bhí cor-bhealaigh mór go dtí í agus is minic nach ndéanfadh Searlus a dhath ach léim na h-abhna a thabhairt. Ach dheamhan i bhfad a bhí sé i ndíoghbhail an bídh go gcaithfeadh sé cor bealaigh a chur air féin go dtí an cheasaigh.
    Thug a chomrádaidhe seo fá deara agus lá amháin chuaidh sé 'un cómhráidh leis fá dtaoibh de. D'fhiafruigh sé goidé ba chiall dó nach rabh sé abalta léim na h-abhna a thabhairt anois. Leis an sgéal fada dheanamh goirid d'innis sé an sgéal dó ó thús go deireadh fá gnaithe an bhídh. "Bhál" ars' an comradaidhe, "beirfidh mise cuairt ar an tseanduine sin agus ma's féidir múineadh a chur air múinfidh mise é".
    An tráthnóna sin idir dall agus dorchadas rinn sé réidh agus tharraing ar an teach. "Dia anseo" ar seisean. "Diad is Muire duit" ars' an tseanbhean mar ní rabh istigh ach í. "Gabh aníos agus suidh" ar sise, ó b'annamh leat a theacht. "An rud a bíos annamh bíonn sé iongantach" ar seisean.
    "An bhfuil leat sgéal nuaidh ar bith" ar sise. "Nil morán" ar seisean "ach go bhfuil bhur ngáir fhad as nach dtéidh bhur dá gcois" mar nach dtearn sibh bainfheis ná dál le linn an phósta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Muireachaig
    Gender
    Female
    Age
    25
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal