School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

diabhail ag tarraingt ortha é dubhairt siad go bhfuair siad a sáith de agus é congbhail amach uatha. Chaitheadh siad amach sop chuige agus an sop lasta. D'imthigh sé leis annsin agus sin an rud a d'fhág Liam na Sopóige ar shiubhal ó thom go tom agus solas leis, ón lá sin go dtí an lá indiu.

Bhí sin ann as [?] fada ó bhí bhí fear agus bean ann agus bhí ingean amháin de theaghlach acu. Thainic fear darbh' ainm Seárlus Bán agus fear wile leis agus d'iarr Séarlus Bán ingean an tsean lánamhain le pósadh. Fuair sé sin agus fáilte agus annsin pósadh iad tamallt na dhiaidh sin. Chuaidh Seárlus Bán isteach ag muinntir na mná annsin. Ní dhearnadh bainfheis ná dál le linn an phósta. Sé an míniughadh agus an réidhteach a bhíair go rabh Seárlus ag meath achan lá mar nach rabh sé ag fagháil greim le h-ithe.
Nuair a shuidheadh sé féin agus an seanduine a chéanamh a gcodach ní bhéadh dhá ghreim ithtee ag an tseanduine go dtí go n-abróchadh sé, "glór, moladh agus buidheachas duit a dia,"tá mo sháith fhéin ithte agam-sa ar scor ar bith". Annsin caithfeadh

(continues on next page)
Informant
Anna Ní Muireachaig
Gender
female
Age
25
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish