School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Liam na Sopóige

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 104

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí gabha na comhnuidhe i nÉirinn fad ó shoin darbh' ainm Liam. Bhí sé na chomhnuidhe leis féin. Ní rabh a dhath idir é fhéin agus an saoghal ach cathaoir, crann ubhal agus bocsa beag ádhmaid. Bhí sé iongantach tugtha do'n ól. Lá amháin bhí sé ag gabháil thart le teach tabhairne agus bhí a theangaidh amuigh le tart. Ba mhaith leis gloinne uisce bheatha fhagháil ach ní rabh oiread agus pighinn ruadh aige. "Ach", ar seisean, "níl a dhith orm ach scilling ach dhíolfainn mo anam leis a diabhal dá dtabharfadh sé scilling amháin damh a gheobhadh gloinne uisce beatha damh. D'amharc sé ar an urlár agus chonnaic sé scilling caithte ann. Thóg sé an scilling, chuaidh isteach go teach na tabhairne agus d'ól gloinne bréagh. Annsin thug sé a aghaidh ar an bhaile.
Cé bhí istigh sa cheardcha ach Naomh Peadar agus capall leis fá choinne crúthacha a fhagháil air. Thoisigh Liam ar an obair agus ba ghoirid go rabh na cruthacha aige ar an chapall. Nuair a bhí sé réidh arsa Naomh Peadar, "tá trí athchuinge le fagháil agat anois", "bhal", arsa Liam, "tá crann ubhall agam agus bíonn an t-aos óg ag tabhairt leo na n-ubhall agus is é an athchuinge atá mé a iarraidh duine ar bith a leagfas a láimh air é ciongladh dó nó go scaoilfeadh seisean é". "An dara cionn", ar seisean, "má shuidheann duine ar bith

(continues on next page)
Informant
Niall Ó Domhnaill, local name Niall (Séimisín) Ó Domhnaill
Gender
male
Age
82
Address
Derrynamansher, Co. Donegal
Language
Irish