School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 104
  3. XML “Liam na Sopóige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gabha na comhnuidhe i nÉirinn fad ó shoin darbh' ainm Liam. Bhí sé na chomhnuidhe leis féin. Ní rabh a dhath idir é fhéin agus an saoghal ach cathaoir, crann ubhal agus bocsa beag ádhmaid. Bhí sé iongantach tugtha do'n ól. Lá amháin bhí sé ag gabháil thart le teach tabhairne agus bhí a theangaidh amuigh le tart. Ba mhaith leis gloinne uisce bheatha fhagháil ach ní rabh oiread agus pighinn ruadh aige. "Ach", ar seisean, "níl a dhith orm ach scilling ach dhíolfainn mo anam leis a diabhal dá dtabharfadh sé scilling amháin damh a gheobhadh gloinne uisce beatha damh. D'amharc sé ar an urlár agus chonnaic sé scilling caithte ann. Thóg sé an scilling, chuaidh isteach go teach na tabhairne agus d'ól gloinne bréagh. Annsin thug sé a aghaidh ar an bhaile.
    Cé bhí istigh sa cheardcha ach Naomh Peadar agus capall leis fá choinne crúthacha a fhagháil air. Thoisigh Liam ar an obair agus ba ghoirid go rabh na cruthacha aige ar an chapall. Nuair a bhí sé réidh arsa Naomh Peadar, "tá trí athchuinge le fagháil agat anois", "bhal", arsa Liam, "tá crann ubhall agam agus bíonn an t-aos óg ag tabhairt leo na n-ubhall agus is é an athchuinge atá mé a iarraidh duine ar bith a leagfas a láimh air é ciongladh dó nó go scaoilfeadh seisean é". "An dara cionn", ar seisean, "má shuidheann duine ar bith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Will-o’-the-wisp (~74)
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ó Domhnaill
    Other names
    Niall Ó Domhnaill
    Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (local name)
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal