School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 103
  3. XML “Fear na Bascáide”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Pósadh an bheirt agus rinn siad comhnuidhe i mbaile cuain a bhí ann. Lá amháin thainic soitheach i dtír agus losta uirthi. Chuaidh cuid mhór de lucht an bhaile ar bord na luinge fá choinne earraidhe. Chuaidh an cailín óg ar bórd fosta. Comh luath agus chonnaic an captaoin í thuit sé i grádh léithe. Annsin thug sé ar leath-taobh í. D'fhiafruigh sé díthe an rabh sí posta. Dubhairt sí go rabh sí pósta ar fhear bascaide. "Bhál" ar seisean, "tar féin agus do fhear annseo am dinneára i mbárach". Thoiligh sí leis.
    Lá thar na bhárach chuaidh an bheirt acu 'un tsoithigh airíst. Bhí dinneár galanta acu istigh sa chábán. Bhí cómhrádh agus ceol, ithe agus ól ann. Indiaidh am dinneára thainic siad amach as an chábán. Nuair a d'amharc siad amach chonnaic siad go rabh an soitheach amuigh i lár na fairrge. Thug an captaoin órdughadh do na seoltóirí iad málagainimh a cheangal ar mhuineal fhear na bascaide agus é a chaitheamh i bhfairrge. Ach d'iarr an bhean uirthi mar gheall ar Dhia gan a chur i bhfairrge. Dubhairt an captaoin go gcaithdeadh sé sin a dheanamh má go rabh sé ag brath ise a chongbhail. "Bhal" ar sise "má caithfear é a chur i bhfairrge cuir isteach i mbocsa é".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Duibheannaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal