Fear na Bascaide
Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí an ingean acu a ba dóigheamhla a chonnaic súil ariamh. Bhí na fir óga na diaidh comh tiugh le do mhéara agus is iomaidh ofráil pósta a fuair sí. Ach ní bhfuigheadh fear ar bith é ach an fear a mbéadh céird éinteacht aige. Bhí fear óg ar an bhaile agus bhí grádh mór aige uirthi. D'iarr sé le pósadh í ach dubhairt a h-athair nach bhfuigeadh sé í le pósadh mar nach rabh céird ar bith aige.
Bhog sé leis na bhaile agus é faoi ghruaim agus faoi bhuaidhreadh. Casadh fear air ar a rabh ultach bascóid. D'fhiafruigh an fear de caidé fáth a bhróin. D'innis an buachaill dó caidé mar bhí. "Bhal" arsa fear na mbascoid "má théigheann tú liom-sa go cionn cúpla mí foghluimeochaidh mé ceird dhéanamh na mbascóid duit". D'imthigh an buachaill leis an fhear agus thoisigh a fhoghluim na céirde. I gcionn cupla mí bhí a chéird foghluimtha i gceart aige.
D;imthigh sé leis an bhascoid a bhí déanta aige agus d'iarr sé an cailín óg le pósadh aríst. "Nár dhubhairt mé leat aroimhe" arsa athair an chailín "nach bhfuightheá í mar nach rabh céird agat". "Bhal" arsa an buachaill "tá céird agam anois". Thaisbeán sé an bhascóid dó a bhí sé indiaidh a dhéanamh. Bhí an t-athair sásta agus fuair sé an cailín le pósadh.
(continues on next page)