School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shaoil sé a bhí ann ach a athair a bhí marbh le mórán blianta. Chuir sé cumhaidh air agus phóg sé míle uair é má phóg sé uair amháin é. Annsin thaiscidh sé ina phóca é agus thug sé a aghaidh ar an bhaile.
Níor innis sé dadiadh dó'n bhean ach i gcionn achan tamaill nuair a gheobhadh sé deis tharraingeodh sé an giota de scáthán as a phóca. D'amharcadh sé air agus annsin phógadh sé é. Annsin chuireadh sé an scáthán in a phoca. Bhí an bhean a choimhead faoi na súil agus shíl sí gur mearadh a bhí air. Annsin smaoitigh sí go mb'fhéidir gur pioctúir mná a bhí aige agus ní rabh sí leath-shásta.
Lá ar na bhárach bhí aonach i nGort a' Choirce agus d'imthigh an fear leis 'un aonaigh. Sul ar ... sé d'fhiafruigh sé de'n bhean cé acu a chuid sean-éadaigh na a chuid éadaigh úra a chuirfeadh sé air. Rinn sé sin agus bhog sé leis. Nuair a fuair sí ar shiubhal é chuaidh siad fríd pócaí a chuliath Domhnaigh agus fuair sí an scáthán. Bheathnuigh sí air ar feadh tamaill agus dubhairt sí "Níl fhios agam caidé a chonnaic sé san tsean rud mhíofúr sin".Pádraic Ó Baoighill Aois 47 bliadhain
Rann na Feirsde Feirmeoir
Athá na gCoire- Informant
- Pádraic Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal