School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 545

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 545

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 545
  3. XML “An Fear Báite a Tháinig ar ais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Fear Báidhte a Tháinic Arais
    Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus ní raibh an saoghal ag éirighe ró-mhaith leobhtha annso i nÉirinn ná ní raibh aca ach screabán de thalamh dumasaigh nach dtabharfeadh barr ar bith is cuma caidé an ghiollacht a gheobhadh sé. Fá dheireadh rinn an fear suas a intinn go rachadh sé go Meirioca. Dubhairt sé le n-a mhnaoi go raibh sé ar tí imtheachta ná nach dtiocfadh leo a bheith beo annso ar an bláir follamh, agus thug sí cead do mdheoin go deachaidh sé fríd a chroidhe.
    Chruinnigh sé suad cibé sean bhratógaí beaga a bhí aige, rinn réidh agus d'fhág slán ag a mhnaoi. Chuaidh sé ar bhord luinge i nDoire agus nuair a bhí seoltóracht lá ná dhó deanta aca, d'éirigh an ghaoth agus an mórtas. Bhí roisteacha fairrge ann agus an long ag gabhail síos suas ar na tonna. Fá deireadh chuaidh sí síos agus ní tháinic sí aníos aris agus báitheadh iomlán dá raibh ar an luing ach an fear seo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Loch na nDeorán, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    43
    Address
    Loch na nDeorán, Co. Donegal