School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 536

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 536

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 536
  3. XML “An Gadaí Cliste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gadaidhe Cliste.
    Do chomhnaigh beirt dearbhrathaireach ar an bhaile seo uair amháin darbh’ ainm dóibh Conall agus Pádraic. Lá amháin dubhairt Conall le Pádraic go raibh sé ag imtheacht ‘un Oileain Úir dubhairt Pádraic go mbéadh sé fhéin leis.
    “Ní bhéidh”, arsa Conall, “is fearr duit-se fanacht sa bhaile ag d’athair agus ag do mháthair agus aire a thabhairt daobhtha”.
    D’imthigh Conall agus d’fhan Pádraic i gcionn an bhacain. Níor chualthas iomrádh ar Chonall ó’n lá a d’imthigh sé go dtí go bhfuair a athair agus a mháthair bás. Annsin dhíol Pádraic an áit agus d’imthigh sé fhéin ‘un Oileain Úir. Ar shroicint cathair mhór Nua Eabhrac de, an chead duine aitheantas a tcídh se annsin, Conall, agus hata mór dubh síoda air agus é ag comrádaidheacht le fear uasal.
    Chuaidh Pádraic anonn fhad le Conall agus chuir sé ceist air, nó nach n-aithigheann tú mé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nuala Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Róise Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal