School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aníos an liathróid chugat." Dubhairt an cailín go leigfeadh ach ní raibh sí fá choinne sin a dheanamh.
Chuaidh an frog síos anns an tobar agus fá chionn tamailt tháinic sí aníos agus chaith sí an liathróid amach ar an talamh. Thug an cailín leithe an liathróid agus d'imthigh sí ar a sean rása 'n-a bhaile, ach scairt an frog leithe:- "Ní'l mise ábalta siubhal comh gasta sin agus fan liom," ach níor fhan an cailín leithe, bhain sí an baile amach.
Lá thar na bharach, nuair a bhí an cailín ag deanamh a dinneara, bualadh an doras, agus chualaidh sí an glór ag rádh:- "Foscail an doras, a inghean an ríogh agus leig isteach mé." Chuaidh sí síos go dtí an doras agus d'fhoscail sí é. Cé bhí ann ach an frog, agus dhruid an cailín an doras ann a héadán go gasta. Tháinic sí aníos araist chuig a dinnear agus chuir a hathair ceist uirri cé bhí ag an doras. Dubhairt sí gur frog mhór a bhí ann.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal