School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 390

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 390

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 390
  3. XML “An Cat agus an Muilteoir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an croiceann a dhíol.
    Chualaidh an cat é dhá rádh seo agus chuaidh sé anonn fhad leis. D'éirigh sé ar a dhá chois deiridh agus d'amharc suas anns an aghaidh air. Dubhairt sé leis gur mhaith a mhargadh cead a chinn a thabairt do-san, agus gan é mharbhughadh ná "Is iomdha gar a thig liomsa a dheanamh duit agus má ghlacainn tú mo chomhairle béidh tú 'do fhear sháidhbhir go fóill. Má thabhaireann tú mála damh-sa tcídhfidh tú go gcuirfidh mé le mo fhocal."
    Thug an fear óg an mála do'n chat, agu[s] d'imthigh an cat, agus an mála leis, go dtí áit a raibh cuid mhór coinín. Chuir sé féar agus cál isteach anns an mhála, agus annsin d'fhág sé an mála ag béal puill. Luigh sé fhéin siar ag leigint air g[o] raibh sé marbh. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtáinic coinín breagh reamhar go béal an phuill agus chuaidh sé isteach anns an mhála a ithe an fhéir ach ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0545: The Cat as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Síghle Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal