School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 96
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an scein agus dar leis fhéin go raibh Fionn i gcruadh-chás. D’fhág sé slán ag a mhuinntir agus d’imthigh sé leis. Shiubhail sé leis ná go dtáinic an neóin bheag agus deireadh an lae air. Tháinic sé fhad le coillidh agus lean sé an bealach fríd an choillidh go dtí an abhainn agus trasna ar an droichead chéadna a deachaidh a bheirt dearbhrathair na laethe roimhe sin.
Chonnaic sé léana deas glas agus shuidh sé síos a dheanamh a seríste. Ní raibh sé i bhfad ‘n-a shuidhe go bhfacaidh sé ag tarraingt air spéir-bhean óg áluinn. Nuair a tháinic sí fá fhad comhráidh do, chuir sí fáilte agus céad roimh mhac Ríogh na hÉireann ann a ainm agus ann a shloinneadh.
Tharraing sí brat anuas as faoi ‘n-a hascaill, spréid ar an talamh é, agus leag faoi bórd bídh agus díg’ comh maith agus chonnaic sé ariamh. Shuidh sé isteach chuig an bhórd agus nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige, thug sé buidheachas dithe. Beir sí ar an scein agus ar an ghabhlóg annsin agus(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal