School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)featha fasaidh. Rinn seisean cú de fhéin, lean é, rug air agus mharbhuigh sé é. Le linn a bháis léim an seabhac amach, d'éirigh sé i n-áirde agus d'imthigh ar eiteóig fríd an aer.
Rinn seisean seabhac de fhéin agus suid ar suibhal sa toir ar an t-seabhac é, bheir air agus nuair a bhí sé 'a mharbhughadh bheir sé an uibh. Thuit an uibh i n-abhainn. Rinn seisean fear de fhéin arais, chrom síos anns an abhainn thóg an uibh, agus bhris í go bhfuair sé an eochair.
Phill se annsin agus níor thóg se méar de n-a shrón go raibh sé ag Cailleach na gCearc. Thug sise cuachóg shíoda do agus d'iarr sí air an chuachóg a chathadh roimhe ag béal na tuinne agus go dtiocfadh bealach chuige isteach go Caislean an Uaignis.
"Nuair a fhosclochas tú an doras deireannach", ar sise, "leigfidh d'athair beic as agus cuir thusa do bhos ar a bhéal ná musclóchaidh sé an mhaighdean mhara agus béidh sibh bhur mbeirt istigh annsin. Nuair a bhéas d'athair leat dean deifre ná ní bhíonn an mhaighdean(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Grianna
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal