School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 9

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 9

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 9
  3. XML “Seanráite (Seanfhocail)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    107 Cha dtig ciall roimh aois.
    108 Caidé dhéanfadh mac a'chait ach luchóg a mharbhadh.
    109 Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcomhnaidhe é.
    110 Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnuic ná na sléibhte.
    111 Cha déan breaghta brachán.
    112 Cuirfidh sí dealán ar a' phíopa dó.
    113 Cuirfidh a shrón fhéin comhairle air.
    114 Cothughadh na doininne soineann na hoidhche.
    115 Cuireadh lasóg sa bharrach.
    116 Chan 'achan lá a mhuirbhfeas Mac Giolla Bhríghde bulóg.
    117 Cha dtig leis an ghobadán an dá thráigh a fhreasdal.
    118 Chead aige fuaradh sa choiceann ar théidh sé ann.
    119 Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
    120 Cuireann duine snaidhm le n-a theangaidh nach scaoileann sé le n-a fhiaclaibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish