School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhéin agus thug leithe isteach é go Caislean an Uaignis. Bhí buaidhreadh mór ar a athair fá dtaoibh de seo agus d’imthigh sé chuig cailleach na gcearc agus d’innis an scéal dithe.
“Bhal”, arsa cailleach na gcearc, “Tá sé istigh agus béidh sé istigh go dtabhairidh tusa amach é”. “Caidé dheanfas mé?” ar’ seisean leithe.
“Gheobhaidh tú túirne óir fearsaid airgid, agus cuachóg síoda”, ar’ sise, “agus rachaidh tú síos ‘n-a fairrge agus toiseochaidh tú a shníomh i mbeál an chead tuinn líonta. Ní fada a bhéas tú annsin ná go dtarraidh an cailín ruadh chugat agus cuirfidh sí ceist ort caidé luach do thúirne óir. Deirfidh tusa gur mac iascaire bocht na hÉireann a thabhairt go dtí a dhá ghualainn san fhairrge. Agus deanfaidh sí sin ar chontabhairt an túirne óir a fgághail. Cuirfidh sí ceist annsin ort caidé luach do fhearsaid airgid. Abair thusa leithe mac iascaire bocht na hÉireann a thabhairt go dtí ‘n-a dhá ghlún san fhairrge. Agus dheanfaidh sí sin ach an fhearsaid a fhághail. Cuirfidh sí ceist annsin(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Grianna
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal