School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 78
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sean-bhean. Chuir sí fáilte mhór roimh mhac ríogh na hÉireann ann a ainm agus ann a shloinneadh ach níor bheannuigh sí do'n fhear bheag ribeach ruadh ar chor a' bhith. Rinne sí réidh suipear daobhtha agus nuair a bhí an suipear ithte aca d'iarr sí ar mhac an ríogh scéal a innse. Dubhairt an fear beag ribeach ruadh gur ar bhean an toighe an chead scéal a innse.
"Bhal", ar' sise, "tá seóid bheag agam-sa."
"Caidé 'n t-seoid í?" ars' an fear beag ribeach ruadh. "Taisbean damh í" ar' seisean.
Chrom sí siar faoi'n leabaidh agus tharraing sí aniar cathaoir draoidheachta agus nauir a shuidhfeá innti d'imtheochaidh sí áit ar bith a n-iarrfá uirri. Nuair a fuair an fear beag ribeach ruadh an chathaoir d'airr sé ar an chlaidheamh an chlaigeann a chathadh den t-sean-mhnaoi agus chaith.
"Ó, bo-bo", arsa mac an ríogh, "caidé thug ort sin a dheanamh?"
"Ó nach cuma", ars' an fear beag, má bhíonn sé de adh orainn a theacht an bealach seo a choidhche araist cuirfidh muid an chlaigeann uirri agus mar(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal