School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 75

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 75

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 75
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhóir a bhí ann agus níor mhothuigh sé gur sciord fear beag ribeach ruadh amach roimhe. Chuir an fear seo ceist air cá raibh sé ag gabhail. D'innis sé do.
    "An bhfuil dochar mise a bheith leat,"? ars' an fear ribeach ruadh.
    Dubhairt mac an ríogh nach raibh agus siubhal an dís leo. Nuair a bhí neóin bheag deireadh an lae ann chonnaic an bheirt solas i bhfad uatha agus tharraing siad air. Nuair a chuaidh siad isteach bhí sean-bhean mór 'n-a luighe sa chlúdaigh. D'éirigh sí agus chuir sé céad míle fáilte roimh mhac ríogh na hEireann ann a ainm agus ann a shloinneadh ach níor labhair sí leis an fhear bheag ribeach ruadh.
    Rinne sí réidh suipear daobhtha agus nuair a bhí an suipear ithte aca dubhairt sí go gcaithfeadh mac an ríogh an chéad scéal a innse. Labhair an fear beag ribeach ruadh agus dubhairt sé gur ar bhean an toighe an chead scéal a innse.
    "Bhal," ar' sise, "ta seoid bheag agam-sa."
    "Caidé 'n t-seoid í?" ars' an fear beag ribeach ruadh.
    D'éirigh sí 'n-a seasamh agus thug sí aniar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Crosain
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Proinnsias Mac Grianna
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal