School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 74
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí rí ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Lá amháin dubhairt an fear a bá sine aca go raibh sé ag gabhail a shaoirughadh a fhortúin. Thug an Rí céad punnta do agus d'imthigh sé leis go dtáinic sé go dtí roilig a bhí ann, agus torramh cruinn agus nuair a chuirfeadh duine síos an corp san uaigh thiocfadh duine eile agus chuirfeadh sé aníos as an uaigh é.
Chuir mac an ríogh ceist cá tuige nach raibh siad ag chur an chuirp agus hinnseadh do go raibh fiacha air. Chuir sé ceist annsin caidé na fiacha a bhí air agus dubhairt fear amháin gur fíche punnta. Dhíol mac an ríogh na fíche punnta agus d'iarr sé an corp a chur annsin. Cuireadh agus tháinic daoine eile agus thóg siad aníos an corp arais, ach sé an deireadh a bhí air gur b'éigean do mhac an ríogh na miotógaí a bhí ar a lámha a thabhairt uadh sul a raibh na fiacha uilig díolta.
Cuireadh an corp annsin agus shiubhal mac an ríogh leis go dtáinic sé go corradh bealaigh(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal