School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fá choinne an t-siubhail. Tar éis slán a fhágailt ag a athair agus ag a mháthair, d’fhág sé an baile tamalt roimh an scoile.
Chonnaic inghean an duine uasail é ag imtheacht agus nuair a chonnaic ghleas sí an carr agus d’imthigh sí ‘n-a dhiaidh. Tháinic sí fhad leis fá mhíle de’n scoil agus chuir sí ceist air caidé thug air imtheacht go luath agus d’imthigh sé. Dubhairt sé go raibh sé ag imtheacht ar seirbhis agus chuir sí ceist air caidé bhí á thabhairt ar shiubhal.
“Tá”, ar seisean, “scarann boichtíneacht cuideachta mhaith ó cheile”.
D’fhág sé slán aici agus bhog leis. Siubhal sé leis go raibh sé i mBéal Feirsde agus chuaidh sé a obair ag fear a bhí ag deanamh bádaí. D’oibir sé leis annsin ar feadh trí bliadna go raibh sé i gcionn a sheacht mbliadhain déag agus rinn sé suas a intinn go n-imtheóchadh sé ‘n-a mhairnéalach ar cheann de na bádaí.
Ba’ é an chead tír a deachaidh sé ann Tír na Sorcha agus ó sin ‘n-a Geármáine.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal