School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 34
- XML “Seanráite (Seanfhocail)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)511. Ní’l aon teine cosamhail le do theinidh fhéin.
512. Ní thig olc ‘n-a tíre nach feirrde do dhúine éighinteacht
513. Nuair a chríonas an t-slat,
ní bhíonn uirri tlácht,
mar bíos ar na crannaibh óga
‘Sé dioghbhail na bhfear
a d’fhág mise ar lear
agus scaoilim mo bheannacht leobhtha.
514. Ní’l a scéala fhéin ná scéala fir eile leis.
515. Níor amharc sáighdiúr maith ‘na dhiaidh ariamh.
516. Ní tharann an saidhbhir agus an daidhbhir le chéile.
517. Ní maitheas ar bith ann, ná char dhiúl sé é.
518. Ní’l aon teintean mar do theintean fhéin.
519. Ní dheanann béal dúnta aighneas.
520. Ná tabhair focal arais do dhuine atá níos sine ná thú fhéin.
521. Ná bog ach oiread a’s dá mbeitheá i gcurrach.
522. Ní bhfuair duine sanntach a sháith ariamh.
523. Ní raibh ann ach breith ná fág.
524. Ná cunntas do chuid éanach go dtarraidh siad as an bhlaosc.(continues on next page)