School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 244
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chead sean-duine a casadh do, thug se ubhall do agus nuair a d'ith sé é d'éirigh sé 'n-a fhear úr, óg arais.
D'imthigh sé leis annsin ag tarraingt ar an chrais-bhealach agus ba' é an chead fhear a bhí annsin é. Luigh sé síos le na scriste a dheanamh agus chuir sé mála na n-ubhall faoi n-a cheann, agus thuit sé 'n-a chodladh. Fá chionn tamailt tháinic an bheirt eile agus ní raibh leobhtha ach droch ubhlaí. Chuir siad mála de na droch ubhlaí faoi cheann a ndearbhrathara agus thug siad leobhtha mála na n-ubhall maith.
Nuair a chuaidh siad 'n-a bhaile thug siad na h-ubhlaí le hithe do'n rígh agus fuair sé biseach. D'innis siad do'n rígh go raibh an fear óg ag teacht agus mála de dhroch ubhlaí leis fá choinne a bhás a thabhairt. Bhí fearg mhór ar an rígh agus thug sé órdughadh nuair a thiocfadh an fear óg, é a thabhairt amach 'n-a coilleadh agus é a mharbhadh.
Tháinic an fear óg agus nuair a(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal