School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 243
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lucht coimeadta 'n-a gcodladh ar feadh trí huaire an chluig agus tá siad 'na gcodladh i láthair na huaire seo agus bheirfidh mise do dtí an áit sin thú anois."
Spréidh sí amach a cuid eiteóg agus d'iarr sí ar an bhuachaill a gabhail ar a druim agus ní raibh siad i bhfad ag gabhail go dtí an áit a raibh na h-ubhlaí. Bhí ballaí móra, árda, timcheall an ubhallghort ach chuaidh an eala thar an bhalla agus d'fágh sí an buachaill istigh anns an áit a raibh na h-ubhlaí le fághail.
Líon sé an mála leis na hubhlaí, chuaidh ar dhruim an eala agus thug sí slán sábhailte é go dtí an chladach, thug sé buidheachas dithe, d'fhág slán aici, agus siubhail leis ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a tháinic sé go dtí an fear a bhí na trí chéad bliadhain, thug sé ubhall do agus d'éirigh sé 'n-a fhear úr, óg. Nuair a tháinic sé go dtí an dara fear, rinn sé an cleas céadna agus thug sé buidheachas do'n bhuachaill. Siubhal sé leis annsin go dtáinic sé go dtí(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal