Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhricfeasta agus nuair a bhí sé réidh cuir sé ceist ar an t-sean-dhuine an raibh fhios aige gach ar bith fá na hubhlaí, agus d'innis sé an scéal uilig do. Dubhairt an sean-dhuine go raibh sé trí chéad bliadhain de aois agus nach raibh eolas ar bith aige ar na hubhlaí a raibh sé ag trácht ortha. "Ach", ar' sé "bheirfidh mé comhairle duit, imthigh leat go dtí go dtarraidh tú go dtí an fairrge; tcídhfidh tú eala mhór 'n-a suidhe ag an chladach agus sin an t-éan a innseochas duit cá bhfuil na hubhlaí sin le fághail agus a bheirfeas go dtí an áit thú".
D'fhág mac an ríogh slán ag an t-sean-dhuine a thug aghaidh ar an bhóthar. Shiubhail sé leis go dtáinic sé go dtí an fhairrge agus chonnnac sé an eala ag an cladach mar hinnsiughadh do agus chuir sé ceist ar an eala an raibh fhios aici gach ar bith fá na hubhlaí.
"Tá fhios cinnte", ars' an eala, "agus ní bhfuigh tú iad ach uair amháin i gcionn na seacht mbliadhan. San am sin bíonn an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal