School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 240
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt an sean-dhuine nach raibh fhios aige-san gach ar bith fá na hubhlaí céadna ach go raibh dearbhrathair aige a bhí céad bliadhain níos sine na eisean agus go mb'fhéidir go n-innseochadh seisean do caidé mar thiocfaidh na h-ubhlaí a fhághail.
Ar maidín lá thar na bharach, d'éirigh sé le scairt a' choiligh, d'fhág slan ag an t-sean-duine agus siubhail leis. Nuair a bhí tamalt maith siubhalta aige, casadh cró beag toighe de agus chuaidh sé isteach an agus cé bhí 'na shuidhe sa chlúdaigh ach dearbhrathair an t-sean-dhuine a raibh sé ar ceathramhain aige an oidhche roimhe sin.
Chuir sé céad míle fáilte roimh mhac ríogh na hÉireann, d'iarr air suidhe 'n-aice na teineadh agus a chomhrádh a dheanam. D'fhan an buachaill aige go maidín agus chaith an dís an oidhche ag scéalaidheacht agus fá dheireadh chuir an buachaill ceist air an raibh fhios aige dadaidh fá na h-ubhlaí agus d'innis sé an scéal uilig do.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal