School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 227
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chaith an gasúr anuas na hiallacha air agus cheangal siad an fáthach do’n talamh. Annsin tháinic sé fhéin anuas agus bhain sé an claidheamh de’n fáthach. Thug sé buille do a chur go dtí a dhá ghlún sa talamh é; an dara buille go dtí a dhá ascaill an tríomhadh buille go dtí n-a mhuineal, agus steall sé an ceann de leis an ceathramhadh buille. An oidhche sin nuair a chuir sé an t-eallach ‘un toighe bhí cuid mhór bainne aca mar bhí an oidhche roimh sin agus bhí meas mór ag an fhear ar an ghasúr.
An tríomhadh maidín chuaidh sé amach arais, thiomáin an t-eallach ‘n-a coilleadh, chuaidh suas crann agus thoisigh sé a chathadh na n-(ubhall) ubhall anuas chuig an eallach. Nuair a bhí cuid mhór caithte anuas aige mhoithigh sé trup ag teacht. D’amharc sé uaidh go bhfeicfeadh sé caidé bhí ag teacht an casan, agus chonnaic sé máthair na bhfáthach. Bhí a cuid gruaige ag foirsiughadh an talaimh ‘n-a diaidh agus bhí dhá chlár fhiacail aici ag(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal