Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 226
- XML “An Tarbh Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buille go dtí ubhall a sceadamain; annsin bhain sé an ceann de.
Le clap-solas chuir an t-eallach ‘un toighe agus nuair a bhíthear a mblíghe an oidhche sin ní raibh oiread soitheach fá’n teach agus chongbhóchadh an mhéid bainne a bhí ag ag an eallach agus b’éigean daobhtha iad a bhlíghe ar an urlár go dtí go raibh an bainne ag gabhail amach ar doras thoigh’ na mbó ‘n-a srútháin.
An dara lá chuaidh an gasúr amach agus thiomáin sé an t-eallach go dtí an choillidh. Chuaidh suas ceann de na crainn agus thoisigh a chathadh na n-ubhall anuas chuig an eallach. Bhí sé ag cathadh anuas na n-ubhall go dtí gur mhoithigh sé an trup ag teacht fríd an choillidh. Chonnaic sé an fáthach ag tarraingt air agus nuair a bhí sé fá ghiota de’n chrann d’iarr sé ar an ghasúr a theacht anuas go muirbhfeadh sé é “agus”, ar’ seisean, “cad tuighe ar mharbhuigh tú mo dhearbhrathair indé”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal