School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 221
- XML “An Tarbh Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin ag coimead rith an ama. Nuair a bhí a chuid deanta aige d’iarr sé ar an ghiorsaigh muscladh. Chuaidh sí isteach agus d’innis sí achan rud dá bhfacaidh sí do’n leas-mháthair.
Lá tharvna mharach mharbhuigh an leas-mháthair coiligh óga, agus chongbhuigh sí a gcuid fola. Chuir sí an fhuil isteach i mbamhal agus chuaidh sí a luighe. D’fhág sí bamhal na fola taobh thiar dithe sa leabaidh. Annsin d’iarr sí ar bhean de na nigheanacha a ghabhail amach agus iarraidh ar a h-athair a theacht isteach ná go raibh an bás aici-se.
D’imigh an ghiorsach amach agus d’innis sí do a h-athair go raibh an bás ag a máthair. Nuair a chualaidh an fear seo chaith sé uaidh an spád a raibh sé ag obair leithe agus thug iarraidh ar an teach. Mhothuigh an leas-mháthair é ag teacht agus d’ól sí bolgam de’n fhuil. Nuair a thainic a fear go colbha na leabtha chaith sí amach bolgam na fola. Nuair a chonnaic a fear í ag cur amach na fola saoil sé go raibh an bás aici agus chuir sé(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal