School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sheasuigh sé i lár an urlair, agus ar’ seisean, “moithighim boladh Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh fá mó theach agus fá mo chuairt anocht.
“Ná bí amaideach”, ars’ an bhean, “suidh síos agus dean do shuipear”.
Nuair a bhí a sháith ithte aige, d’iarr sé ar a mnaoi a uibh óir a thabhairt chuige agus thug.
“Gabh thusa a luighe anois”, ar’ seisean, “agus suidhfidh mise annso, san áit a bhfuil mé”.
D’imthigh an bhean a luighe agus ní raibh i bhfad gur thuit an fathach ‘n-a chodladh sa chathaoir.
“Anois mo am”, ars’ an gasúr leis fhéin nuair a chonnaic sé an fathach ‘n-a chodladh. Léim sé amach as faoi’n mhóin, thug leis an uibh óir agus d’imthigh sé leis síos an crann.
Nuair a tháinic sé ‘n-a bhaile chuir a mháthair fáilte agus míle roimhe ná shaoil sí go raibh sé marbh. Bhí lúthghair mhór uirri nuair a chonnaic sí an uibh óir. D’imthigh sí ‘un t-siopa agus dhíol sí an uibh agus cheannuigh sí oiread bídh agus dheanfadh an peire aca go cionn míosa.
Ar maidín lá thar na bharach d’imthigh an(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anagaire, Co. Donegal